Beartas Príobháideachais

Achoimre  

an Fógra Príobháideachta seo eisithe ag Comhairle Chontae Laoise, An Abhainn JFL, Port Laoise, Co. Laoise, R32 EHP9. 

Is seirbhís saor in aisce í Tairseach Comhairliúcháin Comhairle Chontae Laoise a chuirtear ar fáil chun rannpháirtíocht i gcomhairliúcháin phoiblí a chumasú. Foilsíonn an tairseach comhairliúcháin inar féidir leat aighneachtaí a dhéanamh, teachtaireachtaí a fháil faoi chomhairliúcháin, léamh agus idirghníomhú le haighneachtaí foilsithe
 

Is é cuspóir an fhógra seo a chur ar an eolas faoi na sonraí a bhaineann leat a d’fhéadfaimis a bhailiú agus a úsáid maidir le Tairseach Comhairliúcháin Ar Líne Comhairle Chontae Laoise agus na húsáidí (lena n-áirítear nochtadh do thríú páirtithe) a d’fhéadfaimis a dhéanamh as sonraí den sórt sin. Má aon cheist agat faoin úsáid a bhainimid as do shonraí pearsanta, déan teagmháil linn le do thoil ag: dataprotection@laoiscoco.ie. 
 

Forchoimeádann Comhairle Chontae Laoise an ceart raon feidhme an ráitis phríobháideachais a leasú tráth ar bith a bhféadfadh suíomhanna ardáin eile a áireamh a eisiamh 

 

Sonraí aitheantais agus teagmhála an rialaitheora 

Is é an Comhairle Chontae Laoise, Foirgnimh an Chontae, Port Laoise, Co. Laoise, R32 EHP9. 

Sonraí teagmhála an Oifigigh Chosanta Sonraí: 
-- Ríomhphost: dataprotection@laoiscoco.ie. 
 

Sonraí aitheantais agus teagmhála an phróiseálaí 

Is é CiviQ an próiseálaí sonraí. Business Barn, Lána BhaileCheallaigh, Léim an Bhradáin, Co. Chill Dara.  

-- Ríomhphost:        info@civiq.eu 
-- Guthán:               (01) 254 8006  
 

Cén chaoi a mbailímid do chuid faisnéise?  

Bailíonn an Tairseach Comhairliúcháin, ar a dtugtar an “ardán”, agus an próiseálaí sonraí, CiviQ, faisnéis phearsanta uait ar ár son, chun do fhreagraí ar chomhairliúcháin phoiblí agus rannpháirtíocht le freagróirí eile a éascú. Bailítear do chuid faisnéise ar na bealaí seo a leanas 

  • Go díreach ón méid a scríobhann chuig an ardán ar an bhfoirm chlárúcháin, ar fhoirmeacha aighneachta, ar fhoirmeacha suirbhé agus i mboscaí tráchta 

  • Go huathoibríoch trí theicneolaíocht an ardáin, lena n-áirítear rianú ar líne trí bhíthin fianán gréasáin mar shampla (ar comhaid bheaga téacs iad arna gcruthú ag suíomhanna gréasáin a stóráiltear ar do ríomhaire 

An fhaisnéis a sholáthraíonn tú  

Bailímid an fhaisnéis seo a leanas fút ón gcaoi a n-úsáideann an t-ardán 

  • Mionsonraí teagmhála, lena n-áirítear d'ainm, do sheoladh ríomhphoist, do sheoladh baile, seoladh do shuímh ghréasáin agus d'uimhir ghutháin 

  • An eagraíocht lena mbaineann i gcás go bhfuil eagraíocht cuideachta á clárú agat 

  • Inscne agus aois (roghnach);  

  • Ainmneacha úsáideora agus pasfhocail 

  • Róil slándála suímh ghréasáin a chuireann ar do chumas feidhmeanna áirithe a chomhlíonadh go slán ar ardán CiviQ 

  • Cóid rianaithe amhail fianáin 

  • Aighneachtaí, tráchtanna, ríomhphoist, aiseolas maidir leis an ardán, léiriú tacaíochta d'úsáideoirí eile agus ábhar eile a chuireann ar fáil ar an ardán 

  • Toiliú chun ríomhphoist a fháil maidir le síntiúis, fógraí agus teachtaireachtaí, lena n-áirítear dáta agus am an toilithe 

  • Seoltaí Prótacal Idirlín (IP) anaithnidithe a úsáideadh chun do ríomhaire a cheangal leis an Idirlíon 

  • Cruthú cuntais agus an dáta agus am deiridh a logáil isteach 

  • Chun taifead dhéanamh gur ghlacadh leis an bPolasaí Príobháideachta agus Téarmaí agus Coinníollacha eile 

  • Iniúchadh ar thascanna modhnóireachta ar d'aighneacht 

Má thugann tú aighneacht ar chomhairliúcháin de chineálacha áirithe beidh ort, nó b'fhéidir go mbeidh ort, d'ainm agus do sheoladh a thabhairt. Mar sin, iarrtar ort na sonraí sin a sholáthar nuair a logálann tú isteach san ardán le go mbeidh tú in ann páirt a ghlacadh go héasca i ngach sórt comhairliúcháin. Is gá toiliú a thabhairt chun cineálacha áirithe cumarsáide a fháil ón ardán. Orthu sin tá teachtaireachtaí agus fógraí. Féadfaidh tú a roghnú gur mhaith leat fógraí faoi chomhairliúcháin agus teachtaireachtaí córais a fháil nó nár mhaith leat sin agus an toiliú a tharraingt siar.  

Is féidir leat do shocruithe toilithe le haghaidh cumarsáide, fógraí agus teachtaireachtaí a bhainistiú tríd an leathanach Bainistigh Toiliú ar an tairseach comhairliúcháin ag: https://consult.laois.ie/ga/user/consent. 
   

Cuspóirí Próiseála agus Bunús Dlí  

Úsáidfimid sonraí pearsanta a bhaineann leat chun na críocha seo a leanas:  

  • d'úsáid den Tairseach Comhairliúcháin Ar Líne a éascú de réir ár dTéarmaí agus Coinníollacha  

  • tú a chlárú le cuntas ar an Tairseach Comhairliúcháin Ar Líne;  

  • ár n-oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le do fhreagraí ar chomhairliúcháin phoiblí a phróiseáil;  

  • eolas a chur ar fáil duit;  

  • dearbhú a thabhairt duit go bhfuil do fhreagra ar chomhairliúchán faighte againn;  

  • fógra a thabhairt duit faoi athruithe ar aon cheann dár seirbhísí;  

  • a chinntiú go gcuirtear ábhar ón ardán i láthair ar an mbealach is éifeachtaí duit féin agus do do ríomhaire  

  • tacaíocht do chustaiméirí a sholáthar duit  

  • cumarsáid riachtanach a bhaineann le seirbhís a sheoladh chugat  

  • ár bhfeidhmeanna a chomhlíonadh mar údarás poiblí agus ár n-oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh   

Faisnéis fút féin a bhailíonn an t-ardán 

Úsáidtear an fhaisnéis sin:  

  • chun an t-ardán a riaradh agus chun oibríochtaí inmheánacha a chur i gcrích, lena n-áirítear fabhtcheartú agus tástáil 

  • chun an t-ardán a fheabhsú d'fhonn a chinntiú go gcuirtear ábhar i do láthair ar an mbealach is éifeachtaí duit féin agus do do ríomhaire do ghléas móibíleach 

  • chun an t-ardán a choinneáil sábháilte agus slán; agus  

  • chun cuidiú le hionchuimsitheacht na gcomhairliúchán poiblí agus raon a dtionchair a mhéadú trí anailísíocht tríú páirtí dála Matomo a úsáid. 
       

An bunús dlí atá againn le do chuid faisnéise a úsáid  

Is iad seo a leanas na boinn ar a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta: go bhfuil seo riachtanach chun ár gconradh leat a chomhlíonadh a rialaíonn d’úsáid a bhaint as Tairseach Comhairliúcháin Ar Líne Comhairle Chontae Laoise: 

  • Go bhfuil seo riachtanach chun tascanna a dhéanaimid a chomhlíonadh ar mhaithe le leas an phobail i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe dúinn de réir an dlí 

  • Go bhfuil sé seo riachtanach chun oibleagáid dhlíthiúil a bhaineann linn a chomhlíonadh; nó  

  • Go bhfuil do thoiliú tugtha agat don phróiseáil.  

Iarrfaimid do thoiliú maidir le cineálacha áirithe cumarsáide agus fógraí. 
   

Cén fhad a choimeádaimid do chuid faisnéise  

Coinneoimid do shonraí pearsanta ar feadh aon chomhairliúcháin ina mbeidh rannpháirteach móide 3 bliana. Sa chás go bhfuil toiliú tugtha agat le haghaidh fógraí, cumarsáidí agus teachtaireachtaí tríd an ardán, is féidir leat na socruithe toilithe seo a bhainistiú tríd an leathanach Bainistigh Toiliú anseo: https://consult.laois.ie/ga/user/consent. 
 

Is féidir leat aon cheann de do chearta a leagtar amach sa Bheartas Príobháideachta a fheidhmiú trí ríomhphost a chur chugainn ag dataprotection@laoiscoco.ie. 
 

Aistrithe thar lear  

I gcás go dtugaimid duit (nó i gcás go roghnaíonn tú) pasfhocal a chuireann ar do chumas teacht a fháil ar chodanna áirithe den ardán, tá tú freagrach as an bpasfhocal sin a choinneáil faoi rún. Iarraimid ort gan do phasfhocal a roinnt le duine ar bith.  
 

Ní rud iomlán slán é tarchur eolais thar an Idirlíon. Cé go ndéanfaimid ár ndícheall do chuid sonraí pearsanta a chosaint, ní féidir linn slándáil na sonraí a tharchuirtear chuig ár n-ardán a ráthú; is ar do phriacal féin é aon tarchur. Ón uair a fhaighimid do chuid faisnéise leanfaimid nósanna imeachta dochta agus úsáidfimid uirlisí slándála chun teacht neamhúdaraithe uirthi a chosc.  

Is laistigh den Aontas Eorpach a tharchuirfear sonraí pearsanta.  
 

Do Chuid Faisnéise a Nochtadh  

Féadfaimid do shonraí pearsanta a nochtadh d’eagraíochtaí eile maidir leis na cuspóirí thuas, lena n-áirítear:  

  • do thríú páirtithe a mbímid ag plé leo chun seirbhísí a sholáthar dúinn maidir leis an Tairseach Comhairliúcháin Ar Líne amhail soláthraithe seirbhísí seachfhoinsithe, soláthraithe seirbhísí TF, comhairleoirí gairmiúla agus iniúchóirí; agus  

  • chuig údaráis agus comhlachtaí poiblí eile nuair a cheanglaítear nó a gceadaítear sin faoin dlí, mar na Gardaí nó údaráis forghníomhaithe dlí eile chun críocha coireachta a chosc, a imscrúdú nó a bhrath.  

Cinnteoireacht Uathoibrithe  

Ní úsáidtear do chuid sonraí pearsanta le haghaidh aon chineál uathchinnteoireachta.  

 

Fianáin  

Chun tuilleadh eolais faoin gcaoi a n-úsáidimid fianáin, féach an Beartas maidir le Fianáin 

 

Do chearta  

cearta áirithe agat maidir leis an bhfaisnéis phearsanta s'agatsa a phróiseálaimid. Tugtar liosta de na cearta sin thíos. Ní cearta glana iad seo; feidhm acu faoi réir coinníollacha áirithe. Mar shampla, féadfar do chearta a áireamh orthu seo 

  • an ceart teacht a fháil ar shonraí pearsanta de do chuid atá á gcoimeád againn 

  • an ceart ceangal a chur orainn aon sonraí pearsanta de do chuid atá á gcoimeád againn agus atá neamhchruinn a cheartú 

  • i gcásanna áirithe, an ceart ceangal a chur orainn sonraí pearsanta de do chuid atá á gcoimeád againn a scriosadh 

  • i gcásanna áirithe, an ceart srian a chur ar an bpróiseáil a dhéanaimid ar shonraí pearsanta de do chuid atá á gcoimeád againn 

  • i gcásanna áirithe, an ceart chun sonraí pearsanta ar sholáthair dúinn a fháil i bhformáid struchtúrtha a úsáidtear go coiteann agus atá inléite ag meaisín. Féadfar freisin an ceart a bheith agat ceangal a chur orainn na sonraí pearsanta sin a tharchur chuig eagraíocht eile nuair is féidir, ar iarraidh uait 

  • an ceart agóid a dhéanamh maidir leis an bpróiseáil a dhéanaimid ar shonraí pearsanta de do chuid atá á gcoimeád againn (lena n-áirítear chun críocha ábhar margaíochta a sheoladh chugat); agus  

  • an ceart do thoiliú a tharraingt siar, i gcás go bhfuilimid ag brath air chun úsáid a bhaint as do chuid sonraí pearsanta.  

Chun na cearta seo a fheidhmiú déan teagmháil le do thoil le dataprotection@laoiscoco.ie. Le haghaidh tuilleadh faisnéise tabhair cuairt le do thoil ar an rannán um Chosaint Sonraí ar shuíomh Gréasáin na Roinne: https://www.gov.ie/ga/organisation-information/dfd02-data-protection/  

Is féidir leat cearta áirithe a fheidhmiú go díreach san ardán ar an leathanach Cuntas Pearsanta; an leathanach Mo Chuid Aighneachtaí; an leathanach Bainistigh Toiliú; agus ar na foirmeacha toilithe a úsáidimid nuair a bhailímid do chuid faisnéise pearsanta ach tic a chur le boscaí áirithe. Fágann sin gur féidir leat do chuid sonraí pearsanta a choinneáil suas chun dáta agus cineálacha áirithe próiseála a sheachaint.  
 

Maidir le cumarsáid, más mian leat athbhreithniú a dhéanamh ar do roghanna tráth ar bith nó iad a athrú, is féidir leat an fheidhm ‘scar-rogha’ nó ‘díliostála’ a úsáid nó leas a bhaint as na bealaí eile chun sin a dhéanamh a chuirimid ar fáil sna píosaí cumarsáide a fhaigheann tú uainn. Tabhair do d'aire go bhféadfaidh tú píosaí cumarsáide idirbheartaíochta a fháil fós féin maidir le do chuid aighneachtaí.  
 

Chun fiosrú a dhéanamh faoi chearta eile nó cearta eile a fheidhmiú, seol ríomhphost chuig an rialaitheoir sonraí le do thoil. Gníomhóidh CiviQ aon treoracha ón rialaitheoir sonraí maidir le d’iarratas.  

 

Oibleagáid sonraí pearsanta a sholáthar  

Níl dualgas reachtúil conarthach ort aon sonraí pearsanta a sholáthar dúinn. Mar sin féin, roinnt píosaí faisnéise a theastaíonn uainn chun a chlárú le cuntas ar Thairseach Comhairliúcháin Ar Líne Comhairle Chontae Laoise.  
 

Mura gcuireann tú an fhaisnéis atá ag teastáil ar fáil dúinn, ní bheimid in ann d’úsáid den Tairseach Comhairliúcháin Ar Líne a éascú.  
 

Nuashonruithe ar an bhfógra príobháideachta seo  

D’fhéadfaimis an polasaí seo a nuashonrú ó am go chéile. Molaimid duit athbhreithniú a dhéanamh go tréimhsiúil ar an mbeartas seo chun an t-eolas is déanaí a fháil ar ár gcleachtais phríobháideachais.  
 

Ábhar imní nó gearáin  

aon imní gearáin agat faoi phróiseáil do shonraí pearsanta faoi fhreagraí Comhairle Chontae Laoise maidir le do shonraí pearsanta, de cheart agat gearán a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Chosaint Sonraí: dataprotection@laoiscoco.ie.